Skip to main content

Aiste an Oireachtais

Rialacha an Chomórtais

  1. Ní mór do mhic léinn clárú don Chomórtas tríd an suíomh gréasáin seo. Ní mór duit ainm, ríomhphost teagmhála agus uimhir theileafóin na scoile a chur anseo. Caithfidh ‘Teagmhálaí Múinteora’ a dheimhniú go bhfuil tú i dteideal páirt a ghlacadh sa gComórtas. Ní mór gurb é seo do Phríomhoide Scoile, do Phríomhoide Ionaid, do Cheann Bliana nó múinteoir eile a thoilíos do rannpháirtíocht a dheimhniú agus sonraí teagmhála a sholáthar le gur féidir le hEagraithe an Chomórtais teagmháil bhreise a dhéanamh más gá (mar shampla, sa gcás go bhfuil duais le bronnadh ort).
  2. Tar éis duit clárú, gheobhaidh tú ríomhphost le d’Uimhir Aitheantais a úsáidfeas tú le d’aiste a ainmniú/a aithint nuair a bheas tú réidh lena huaslódáil.
  3. Ní mór d’aiste a chomhlánú/chinntiú trí úsáid a bhaint as teimpléad Aiste an Oireachtais.
    Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo.
    Is gá duit d’Uimhir Aitheantais a chur isteach sa mbosca cuí ar an teimpléad.
  4. Ní mór duit an comhad aiste a ath-ainmniú trí d’Uimhir Aitheantais a úsáid, e.g. D8A7.pdf.
  5. Ní mór d’aiste a chur isteach tríd an suíomh gréasáin seo ar an leathanach Uaslodáil Aiste anseo. Ní mór duit cóipeanna boga agus crua den aiste a sheoltar isteach a choinneáil duit fein. Ní mór duit-se iad seo a chur ar fáil sula bhféadfar tú a ainmniú mar Bhuaiteoir Comórtais nó Ardmholadh.
  6. Is é an spriocdháta le clárú don Chomórtas ná 12.00 (meán lae) Dé hÁoine 6ú Samhain 2026. Is é an spriocdháta le haistí a chur isteach ar an gComórtas ná 12.00 (meán lae) Dé hÁoine 20 Samhain 2026.
  7. Déanfar na hiontrálacha/aistí a chur i bhfoirm anaithnid sula ndéanfaidh an fhoireann measúnú orthu. Ní mór dóibh siúd a chuireas isteach ar an gComórtas a chinntiú nach bhfuil sonraí le fáil ina n-aiste a chinnteodh go héasca cé hiad féin.
  8. Fógrófar an aiste bhuaiteach in earrach na bliana 2027.
    Déanfar teagmháil leis na Buaiteoirí Náisiúnata, na Buaiteoirí Réigiúnacha agus na Buaiteoirí Ard-Mholta trid an ‘Teagmháil Muinteora’ i ngach uile chás. Ní dhéanfaidh na hEagraithe teagmháil le mic léinn nach buaiteoirí duaise iad. Déanfar gach uile iarracht, ámh, suíomh gréasáin an Chomórtais a uasghrádú go tráthúil le heolas faoi na buaiteoirí.
  9. Tá sé de cheart ag Eagraithe an Chomórtais síneadh ama a chur leis na spriocdhátaí/na dátaí fógartha a bhaineas leis an gComórtas, líon nó cineál na nduaiseanna atá á mbronnadh a athrú agus daoine nua a chur leis an bpainéal moltóirí de réir mar is gá leis an gComórtas a rith go héifeachtach.
  10. Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí. Ní féidir aon chomhfhreagras a bheith ann i dtaobh measúnú aiste ar bith. Ní mór gach uile chomhfhreagras le hEagraithe an Chomórtais, seachas na haistí féin dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@oireachtasessay.ie.
  11. 1,000 focal an líon focal is mó a cheadaítear d’aiste. Má sháraíonn aiste an líon focal seo dí-cháileofar í.
  12. Dí-cháileofar aistí a bhfaightear bradaíl iontu.
  13. Ní mór gurb é an té a chuirfeas isteach an aiste údar aonair agus cumadóir na h-aiste. Dí-cháileofar don chomórtas aiste an té a measfar go ndeachaigh sé i muinín IS le haghaidh achoimrí a ghiniúint, dréachtaí a scríobh nó abairtí bunúsacha a ath-scríobh. Fostóidh Eagraithe an Chomórtais beirt seiceálaithe IS nó níos mó leis an meastúchán seo a dhéanamh agus ní bheidh dul thar chinneadh an Phainéil Bhreithiúnais seo.
  14. I dtaobh uimhir 13 thuas, iarrtar ar mhic léinn a dhearbhú gurb iad féin amháin údair agus cumadóirí a gcuid aistí.
  15. Ní mór do Bhuaiteoirí Náisiúnta agus Réigiúnacha taisteal go Teach Laighean, i mBaile Átha Cliath lena dtuismitheoirí / caomhnóirí le haghaidh Shearmanas Bronnta na mBuaiteoirí.
  16. Ní bheidh iontráil bailí mura mbíonn tuismitheoir / caomhnóir sásta foirm a shíniú a cheadós úsáid grianghraf, físeán agus ábhar bolscaireachta eile, agallaimh thaifeadta san áireamh, a bhfuil an mac léinn / buaiteoir duaise páirteach iontu, baineadh an t-agallamh le Comórtas Aiste an Oireachtais nó le tuairiseoireacht ar bith ar an gComórtas. Tá foirmeacha ceada ar fáil ar iarratas.
  17. Tá fáilte roimh mhic léinn atá sa tSraith Shinsearach agus a oiltear sa mbaile cur isteach ar Chomórtas Aiste an Oireachtais tríd an suíomh gréasáin seo. Caithfidh an Múinteoir Teagmhála a dhearbhú go bhfuil tú cáilithe le páirt a ghlacadh sa gComórtas, seoladh ríomhphoist a sholáthar agus toiliú le tegmháil i dtobh d’iarratais, má tá call leis (mar shampla, má táthar ag brath air duais a bhronnadh ort). Sa gcás seo, ní miste gur tuismitheoir / caomhnóir an ‘múinteoir teagmhála’. Nuair a bheas clárú dá dhéanamh agat, is ceart duit do sheoladh ríomhphoist féin a roghnú agus ’Scoil Bhaile’ a roghnú mar do scoil.

Ceisteanna Coitianta

Cathain gur féidir clárú?

Anois láithreach, nó am ar bith roimh 12.00 meán lae Dé hAoine an 6ú Samhain 2026.

Cathain a gheobhaidh tú d'uimhir aitheantais clárúcháin?

Laistigh de chúpla uair an chloig de chlárú beidh sé i do bhosca ríomhphoist.

Cad is cóir duit a dhéanamh mura bhfaigheann tú aitheantas clárúcháin?

Déan iarracht clárú arís. Má theipeann ar sin, déan teagmháil linn anseo: eolas@oireachtasessay.ie

Conas a chuireann tú d’aiste isteach ar an gComórtas?

Ní mór duit d’aiste a chur isteach/a sheoladh ag an rannán Uaslódáil Aiste den suíomh gréasáin seo roimh 12.00 meán lae de hÁoine, 20 Samhain 2026. Ní mór duit an Uimhir Aitheantais a sheoltar chugat tar éis duit clárú a úsáid mar ainm ar do chomhad aiste. Níor choir go mbeadh aon ábhar san aiste leat a chuirfeadh in iúl cé thú féin.

Cathain a fhógrófar na torthaí?

Fógrófar buaiteoirí Chomórtas Aiste an Oireachtais in earrach na bliana 2027.

Urraithe le bród ag

Agus le tacaíocht ó