Comórtas Aiste an Oireachtais
2026/27
Tá sonraí faoi rannpháirtíocht i gComórtas Aistí an Oireachtais 2026/2027 á n-obair agus déanfar iad a nuashonrú anseo roimh thús na bliana scoile 2026/2027.
Tá sonraí faoi rannpháirtíocht i gComórtas Aistí an Oireachtais 2026/2027 á n-obair agus déanfar iad a nuashonrú anseo roimh thús na bliana scoile 2026/2027.
A Chairde,
Tá ríméad orainn faoin spéis a léiriódh sa 4ú Comórtas Aiste Oireachtais ar chláraigh a dhá oiread scoláirí lena aghaidh i mbliana.
Na buaiteoirí agus gach uile dhuine a ghlac páirt sa gComórtas, go maire siad a nuacht. Coinnígí suas bhur spéis sa bpróiseas polaitíochta agus tugaigí misneach do dhaoine eile déanamh amhlaidh. Tá call ag an daonlathas seo againne libh-se!
Tá muid buíoch díobh siúd uilig a thugas cúnamh le go n-éireoidh le hAiste an Oireachtais.
Tá buíochas ar leith ag gabháil do BCUB (Banc Coigiltis Urraithe Buana) / PTSB (Permanent Trustees Saving Bank), an Príomh-Urra arís i mbliana. ‘Ní hí an teicneolaíocht amháin a chuirfeas slacht ar an eacnamaíocht seo againne, ach an chéad ghlúin eile daoine cumasacha cosúil leo, freisin’, dúirt Éamann Ó Crualaoich Príomh-Oifigeach Feidmhiúcháin ag an Searmanas Gradam seo againne.
Gabhann muid buíochas freisin leis na hUrraithe Comhlacha freisin: Masún Ó hAodha & Ó Corráin, CJ Ó Fallúin / Mason Hayes & Curran, CJ Fallon (an t-urra is faide againne), An Post agus Bord Soláthair an Leictreachais (BSL/ESB).
Gan tacaíocht na bPríomh-Oidí agus na múinteoirí, tacaíocht na bainistíochta oideachais agus na n-eagras ionadaíocha, tacaíocht ár measúnóirí agus breithiúna Comórtais, agus gan amhras tacaíocht na dtuismitheoirí agus na dteaghlach a thugas ugach dá bpáistí ionúine páirt a ghlacadh sa gComórtas, gan a dtacaíocht siúd uilig, ní fhéadfaí an Comórtas a chur ina shuí.
Go bhfága Dia an tsláinte ag Margíocht Gréasáin an Iarthair / Western Web Marketing a choinníos smacht ar an suíomh gréasáin seo, ag an bhfoireann eagrúcháin, agus ag foireann uilig an Oireachtais a chuidíos linn ina liacht sin bealach.
Tá muid ag súil le Comórtas Aiste Oireachtais na bliana seo chugainn. Beidh na dintiúirí ar fáil ar an suíomh gréasáin seo i ndeireadh an tsamhraidh nó i dtús an fhómhair. Coinnígí súil ar an suíomh!

![]()
Íomhánna ó Chomórtas Aistí an Oireachtas

























































































Clúdach TG4 ar an Searmanas Bronnta Gradam i dTeach Laighean
A Chairde
Tugann muid cuireadh daoibh páirt a ghlacadh i gComórtas Aiste an Oireachtais atá anois ina cheathrú bliain.
Ar bagairt ar an Daonlathas atá san Intleacht Shaorga? An anáil nó an tionchar a bheas ag an Intleacht Shaorga amach anseo ar an pobal seo againne, ar an ngaol idir dhaoine agus ar an nádúr daonna féin, tá imní faoi sin ag méadú.
Tá neart ceisteanna ann agus ní móide go mbeidh a fhios na freagraí go ceann scaithimh. Cén chaoi a ngabhfaidh an Intleacht Shaorga i gcion ar ghluaiseacht an eolais ar fud an phobail mhóir? Sin ceist amháin a dteastaíonn staidéar géar crua a dhéanamh uirthi.
Ní mór dóibh siúd a dhéanas cinntí faoi láthair AGUS dóibh siúd a bheas ina gceannairí amach anseo a bheith san airdeall ar na deiseanna agus ar na dúshláin.
Tá cuireadh dá thabhairt againn do mhic léinn na Sraithe Sinsearaí (an Idir-Bhliain, an 5ú Bliain agus an 6ú Bliain Ard-Teistiméireachta) chomh maith le mic léinn Fo-Theastais agus A-Leibhéil ar fud oileán na hÉireann aistí a sholáthar ar an téama tábhachtach seo.
Tá go leor bainte amach ag an gComórtas seo in imeacht a chéad trí bliana agus tá an-ómós dó i scoileanna ar fud oileán na hÉireann ar mór acu é. Tá muid buíoch de na mic léinn, de na múinteoirí, de na tuismitheoirí, de na heagrais oideachais, d’fhoireann an Oireachtais, de na comhairleoirí saineolacha uilig agus ar ndóigh d’urraithe an Chomórtais a chuidigh le fonn agus a chinntigh go n-éireodh leis.
Tá ríméad orainn PTSB a bheith ag tacú linn arís mar Phríomh-Urraithe. Fáiltíonn muid arís roimh na foilsitheoirí ábhair oideachais CJ Fallon an t-urra is faide atá againn. Cuireannn muid fáilte freisin roimh an gcomhlacht dlí mór le rá Másún, Ó hAodha agus Ó Corráin mar Urra Comhlach. Tá muid buíoch de BSL freisin as ucht tacú leis an gComórtas i mbliana.
Is deis Comórtas Aiste an Oireachtais daoibh-se bhur marana a dhéanamh ar thábhacht an daonlathais don phobal; marana a dhéanamh ar an gcaoi a dtig leis an daonlathas a bheith ina fhórsa ar son na maithe nó an oilc; agus marana a dhéanamh ar an bpáirt seo agaibh-se sna forais a ndéantar cinntí iontu a mhúnlaíos an domhan faoi chuairt.
Tar a éis sin is uile, is ag brath oraibh-se atá an domhan!
Tá muid ag súil le bhur gcuid aistí a léamh. Casfar cuid agaibh orainn ag na Searmanais Bhronnta seo againn, agus sna scoileanna, in 2026.
Go raibh maith agaibh as ucht páirt a ghlacadh sa gComórtas agus go gcuire Dia an t-ádh oraibh.
Seán Ó Fearghaíl TD,
Pátrún Bunaidh
€500 don scoláire,
€500 don scoil.
An Aiste is Fearr i nGaeilge:
€500 don scoláire, €500 don scoil
— Baile Átha Cliath, an chuid eile de Chúige Laighean, Cúige Chonnacht, Cúige Uladh, agus Cúige Mumhan
Tabharfar cuireadh do na Buaiteoirí agus do na Buaiteoirí Réigiúnacha freastal ar Shearmanas Bronnta na nDuaiseanna, le lón ina dhiaidh, i dTeach Laighean go luath in Earrach na bliana 2025.
Chomh maith leis sin, gnóthóidh dhá iarratas ó gach uile réigiún agus dha iarratas Gaeilge a bhfuil Ardmholadh tuillte acu duaiseanna ar leith. Tabharfar cúirt ar na scoileanna agus bronnfar peann comórtha agus €100 ar na scoláirí sin.
Student / Scoláire: Fatima Memon.
School / Scoil: Loreto Secondary School, Letterkenny, Co. Donegal.
Congratulations to Fatima, the National Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Fatima, Buaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Úna Ní Bhaoighill.
School / Scoil: Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Congratulations to Úna, the National Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Úna, Buaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Emily Ross.
School / Scoil: Presentation College, Athenry, Co. Galway.
Congratulations to Emily, Connacht Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Emily, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Chonnacht) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Kate Higgins.
School / Scoil: Holy Faith Secondary School, Clontarf, Dublin 3.
Congratulations to Kate, Dublin Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Kate, Buaiteoir Réigúnach (Co. Bhaile Átha Cliath) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Dragos Nicolas Mardare.
School / Scoil: Oatlands College, Mount Merrion, Co. Dublin.
Congratulations to Dragos, Dublin Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Dragos, Buaiteoir Réigúnach (Co. Bhaile Átha Cliath) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Christina Plunkett.
School / Scoil: Sacred Heart Secondary School, Tullamore, Co. Offaly.
Congratulations to Christina, Leinster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Christina, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Laighean) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Maeve Ní Chonraoi.
School / Scoil: Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí.
Congratulations to Maeve, Munster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Maeve, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Mumhan) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Anna Lutze.
School / Scoil: St. Louis Secondary School, Co. Monaghan.
Congratulations to Anna, Ulster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Anna, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Uladh) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Martha Cousins.
School / Scoil: Mohill Community College, Mohill, Co Leitrim.
Congratulations to Martha, Highly Commended (Connacht) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Martha, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Chonnacht) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Melanie Moran.
School / Scoil: Sacred Heart School, Westport, Co Mayo.
Congratulations to Melanie, Highly Commended (Connacht) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Melanie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Chonnacht) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Aidan Hyland.
School / Scoil: Deansrath Community College, Clondalkin, Dublin 22.
Congratulations to Aidan, Highly Commended (Dublin) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Aidan, a ghnóthaigh Ardmholadh (Co. Bhaile Átha Cliath) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Riain Leathem.
School / Scoil: Colaiste Choilm, Dublin Road, Swords, Co. Dublin.
Congratulations to Riain, Highly Commended (Dublin) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Riain, a ghnóthaigh Ardmholadh (Co. Bhaile Átha Cliath) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Eoin Dillon.
School / Scoil: Athlone Community College, Retreat Road, Athlone, Co. Westmeath.
Congratulations to Eoin, Highly Commended (Leinster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Eoin, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Laighean) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Muireann Barry.
School / Scoil: Ramsgrange Community School, New Ross, Co. Wexford.
Congratulations to Muireann, Highly Commended (Leinster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Muireann, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Laighean) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Annie Power.
School / Scoil: Coláiste na Trócaire, Rathkeale, Co. Limerick.
Congratulations to Annie, Highly Commended (Munster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Annie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Mumhan) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Sophie Lynam.
School / Scoil: St Mary’s High School, Midleton, Co. Cork.
Congratulations to Sophie, Highly Commended (Munster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Sophie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Mumhan) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Maggie Clerkin.
School / Scoil: St. Louis Secondary School, Monaghan.
Congratulations to Maggie, Highly Commended (Ulster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Maggie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Uladh) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Shea Bell.
School / Scoil: St Malachy’s College, Belfast.
Congratulations to Shea, Highly Commended (Ulster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Shea, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Uladh) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Niamh Ní Dhálaigh.
School / Scoil: Coláiste Mhuire, Ratoath Road, Cabra West, Dublin 7.
Congratulations to Niamh, Highly Commended (Gaeilge) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Niamh, a ghnóthaigh Ardmholadh (Gaeilge) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.
Student / Scoláire: Alyssa Ní Bhrolcháin.
School / Scoil: Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Congratulations to Alyssa, Highly Commended (Gaeilge) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.
Comhghairdeas le Alyssa, a ghnóthaigh Ardmholadh (Gaeilge) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.






















| Cookie | Duration | Description |
|---|---|---|
| cookielawinfo-checkbox-analytics | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Analytics". |
| cookielawinfo-checkbox-functional | 11 months | The cookie is set by GDPR cookie consent to record the user consent for the cookies in the category "Functional". |
| cookielawinfo-checkbox-necessary | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookies is used to store the user consent for the cookies in the category "Necessary". |
| cookielawinfo-checkbox-others | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Other. |
| cookielawinfo-checkbox-performance | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Performance". |
| viewed_cookie_policy | 11 months | The cookie is set by the GDPR Cookie Consent plugin and is used to store whether or not user has consented to the use of cookies. It does not store any personal data. |