Aiste an Oireachtais

OIR-logo-Sept152022-trim

Sonraí an Chomórtais

Cuireadh anseo do dhaltaí ó scoileanna fud fad na tíre aistí a sheoladh isteach ar líne i nGaeilge nó i mBéarla ar an ábhar ‘Parliamentary Politics Matters’ nó ‘Tábhacht na Polaitíochta Parlaiminte’.

Fáiltítear roimh iarratais ó scoláirí na Sraithe Sinsearaí nó AS/A-Leibhéil ar fud na tíre.

Is é an aidhm atá leis an gcomórtas seo ná tábhacht agus ról na polaitíochta parlaiminte in Éirinn a chíoradh ar shlí nuálach, anamúil.

B’aoibhinn linn dá mbeadh machnamh á dhéanamh ag an nglúin óg ar conas daonlathas sláintiúil a chur chun cinn amach anseo, agus an cheist rí-thábhachtach seo a phlé ar bhonn smaointeach, spreagúil.

Gan dabht is féidir le na daltaí a gcuid aistí a bhunú ar an réimse leathan ábhair a bhfuil staidéar déanta acu orthu go nuige seo – Stair, Eacnamaíocht, Staidéar Gnó, Cúrsaí Creidimh, an Pholaitíocht, an Socheolaíocht agus teangacha mar an Ghaeilge agus an Béarla san áireamh.

Is fiú machnamh nó taighde a dhéanamh ar na ceisteanna úd a bhíonn faoi chaibidil againn go léir ó am go ham.

– Cén fáth a bhfeidhmíonn gnéithe éagsúla den chóras stáit is polaitíochta mar a fheidhmíonn siad?

– Cén bunús atá leis an gcoincheap úd nó an bealach a eagraítear gnéithe áirithe den pholaitíocht parlaiminte?

– Cé hiad siúd a bhaineann tairbhe as na córais stáit is polaitíochta mar a fheidhmíonn siad sa lá atá inniu ann/cé hiad siúd atá thíos leo?

– An bhfuil roghanna eile againn nó slite níos fearr againn chun cúrsaí a eagrú seachas mar atá – agus srl…

B’fhiú réimse leathan foinsí eolais a chíoradh agus tú i mbun taighde don aiste mas féidir mar shampla, nuachtáin, irisí, cartlanna leabharlainne, aistí acadúla agus foinsí idirlíne san áireamh.

Is fiú comhairle a lorg ó mhúinteoirí, baill teaghlaigh nó cairde agus tú i mbun pinn agus a gcuid tuairimí siúd a lorg dá réir.
(Nóta: Is do shaothar féin amháin a bheidh san aiste úd cé gur féidir le hiarrathóirí leas a bhaint as cúnamh teicniúil is ríomhaireachta agus iad ag cur críche lena n-iarratas.)

Critéir Mheasúnachta:

Tá na tréithe seo a leanas á lorg ag na moltóirí agus na haistí á mheas acu:

Scríbhneoireacht agus cur i láthair maith

  • Ní mór don aiste a bheith idir 900 agus 1,000 focal.

  • Ní mór tagairtí do na haltanna/foinsí a bhaineann le hábhar a chur ar fáil.

  • Ní chuimsítear na tagairtí úd mar chuid den líon focal iomlán (i.n. idir  900 agus 1,000 focal).

  • Cló: Times New Roman nó Arial.

  • Clómhéid: 12.

  • Spásáil líne: Spásáil dhúbailte.

  • Ailt.

  • Teanga agus cur i láthair gonta soiléir.

  • Leagan amach soiléir bríomhar ar an aiste.

Taighde don aiste

  • Fianaise gur léigh tú raon éagsúil foinsí agus ailt srl.

  • Tuiscint mhaith ar an argóint atá curtha chun cinn agat san aiste (ó thaobh teoirice/fealsúna/staire de srl.)

Argóint láidir glactha

  • Míniú ar an gcúis gur roghnaigh tú an t-ábhar úd agus an seasamh nó argóint a ghlac tú san aiste.

  • Argóint láidir curtha chun cinn ar bhonn cothrom, soiléir.

  • Fianaise gur baineadh tairbhe as foinsí taighde éagsúla agus an aiste á scríobh.

Leagan amach

  • Leagan amach soiléir (tús, priomh-théamaí agus clabhsúr an aiste).

  • Croí na ceiste aimsithe agus do smaointe á chur ar phár agat.

  • Scríbhneoireacht ghlé, ghonta bhríomhar (Béarla nó Gaeilge).

  • Fianaise go bhfuil de chumas agat dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta (nó lucht éisteachta) leathan le soiléireacht agus bríomhaireacht do chuid smaointeoireachta is scríbhneoireachta.