Skip to main content

Aiste an Oireachtais

Aiste an Oireachtais

2026/27

‘Is iomaí buntáiste atá tugtha ag ballraíocht san Aontas Eorpach (AE) do Phoblacht na hÉíreann agus thug sí corr-dhúshlán freisin. Is mó ná an tAontas Eorpach an Eoraip ar ndóigh. Tá ballraíocht Phoblacht na hÉireann san AE fréamhaithe sa gcaidreamh stairiúil, reiligiúnach, cultúrtha agus polaitíochta ní h-amháin leis na tailte atá ina mballl-stáit den CE anois ach le tíortha ar Mhór-roinn na hEorpa trí chéile.’

Tugann muid cuireadh do mhic léinn sa tSraith Shinsearach (an Idir-Bhliain, an 5ú Bliain agus an 6ú Bliain), chomh maith le mic léinn an A-Leibhéil Thánaistigh agus mic léinn an A-leibhéil ar fud oileán na hÉireann, aistí a chur isteach ar an téama:

Parliamentary Politics Matters for Europe / Tábhacht na Polaitíochta Parlaiminte don Eoraip

Tá bród ar PTSB, an Príomh-Urra seo againne, tacú go láidir linn arís. Cuireann muid fáilte arís roimh CJ Fallon, an t-urra is faide againn, agus cuireann muid fáilte roimh an Urra Mason Hayes & Curran príomh-chomhlacht dlí. Tá ár mbuíochas dlite de An Post as ucht tacú linn arís i mbliana.

Seán Ó Fearghaíl TD, Pátrún Bunaidh

An Seanadóir Rónán Mullen
Tionólaí an Chomórtais

Íomhánna ó chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26

Clúdach TG4 ar an Searmanas Bronnta Gradam i dTeach Laighean

Litir ó na hEagraithe: Meán Fómhair 2026.

A Chairde Dílse

Tá athas orainn cuireadh a thabhairt daoibh páirt a ghlacadh sa 5ú Comórtas Aiste Oireachtais atá faoi lán-seol anois.

Topaic na bliana seo, Parliamentary Politics Matters for Europe / Tábhacht na Polaitíochta Parlaiminte don Eoraip, is í Uachtaránacht Éireannach Chomhairle na hEorpa b’údar inspioráide dó ar bhealach.

Thug ballraíocht an Aontais Eorpaigh buntáistí go leor agus roinnt dúshlán. Is mó ná an CE an Eoraip, ar ndóigh. Tá ballraíocht na hÉireann sa CE fréamhaithe sa mbaint stairiúil, reiligiúnach, chultúrtha agus pholaitíochta, ní h-amháin leis na tailte ar ball-stáit den CE anois iad, ach le tíortha ar mhór-roinn na hEorpa trí chéile.

Tá gníomhaíocht pharlaiminteach ag croí-lár an tsaoil pholaitíochta seo againne agus is gné bhunúsach den daonlathas í, sa CE agus ar fud na hEorpa trí chéile. Nuair a athraíos an pharlaimint athraíonn an rialtas feidhmeannach agus na polasaithe agus na cinntí sna córais seo againne. Tharlódh go mbeadh cuid de na hathruithe seo drámatúil sna blianta atá le teacht.

Ach tá an méid seo amhlaidh i gcónaí: braitheann cinntí taobh istigh agus taobh amuigh den pharlaimint ar dhaoine ionraice atá tiomnaithe do sheirbhís a thabhairt dá bpobal, dá dtír, agus don domhan mór – de réir a n-acmhainne, le cothrom agus le hómós do gach uile dhuine. Tá cultúr láidir tiomantachta do chleachtadh daonlach fíor-thábhachtach, anois agus san am atá le teacht.

Tugann muid cuireadh arís do mhic léinn sa tSraith Shinsearach (an Idir-Bhliain, an 5ú Bliain agus an 6ú Bliain), chomh maith leis na mic léinn ar fud an oileáin atá ag gabháil don A-leibhéal Tánaisteach agus don A-Leibhéal, marana a dhéanamh ar thábhacht na díospóireachata daonlathaí agus aistí a sheoladh isteach ar an téama tábhachtach atá againn i mbliana.

Tá muid buíoch de na mic léinn sin uilig, de na múinteoirí, de na tuismitheoirí, de na heagrais oideachais, d’fhoireann an Oireachtais, de na comhairleoirí saineolacha sin agus ar ndóigh d’urraithe an Chomórtais a d’fhreagair chomh dearfach sin agus a chuir an t-ádh air go dtí seo.

Tá bród ar PTSB, an Príomh-Urra seo againne, tacú go láidir linn arís. Cuireann muid fáilte arís roimh CJ Fallon, an t-urra is faide againn, agus cuireann muid fáilte roimh an Urra Mason Hayes & Curran príomh-chomhlacht dlí. Tá ár mbuíochas dlite de An Post as ucht tacú linn arís i mbliana.

Ós rud é gur Comórtas dá-theangach uile-oileánach Aiste an Oireachtais, cuireann muid fáilte roimh aistí a dhíríos ar an Oireachtas, ar Chomh-thionól Thuaisceart Éireann, ar Pharlaimint na Breataine, ar Pharlaimint na hEorpa nó ar aon fhóram eile déanta cinntí. Féadfaidh tú anailís pholaitíochta nó scríbhneoireacht chruthaitheach a sholáthar. Cuireann muid fáilte roimh gach ar féidir a sholáthar.

Tá muid ag súil le bhur n-aistí a léamh agus le bualadh le cuid agaibh ag an Searmanas Bronnta seo againne agus in bhur scoileanna, in 2027.

Go raibh maith agaibh as ucht bhur rann-pháirtíochta agus go gcuire Dia an t-ádh oraibh uilig.

Seán Ó Fearghaíl TD,
Pátrún Bunaidh

An Seanadóir Rónán Mullen
Tionólaí an Chomórtais
Seán Ó Fearghaíl TD, Funding Patron
Seán Ó Fearghaíl TD,
Pátrún
Rónán Mullen Seanadóir Neamhspleách, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Tionólaí an Chomórtais
An Seanadóir Rónán Mullen
Tionólaí an Chomórtais
Comórtas Aiste Oireachtais 2025/26 Searmanas Bronnta

Duaiseanna an Chomórtais

Beirt Bhuaiteoirí Náisiúnta

An Aiste is Fearr i mBéarla:

€500 don scoláire,
€500 don scoil.

An Aiste is Fearr i nGaeilge:

An Aiste is Fearr i nGaeilge:
€500 don scoláire, €500 don scoil

Cúigear Buaiteoirí Réigiúnacha

€250 don dalta

€250 don scoil

Searmanas Bronnta na nDuaiseanna

Tabharfar cuireadh do na Buaiteoirí agus do na Buaiteoirí Réigiúnacha freastal ar Shearmanas Bronnta na nDuaiseanna, le lón ina dhiaidh, i dTeach Laighean go luath in Earrach na bliana 2025.

Ardmholadh

Chomh maith leis sin, gnóthóidh dhá iarratas ó gach uile réigiún agus dha iarratas Gaeilge a bhfuil Ardmholadh tuillte acu duaiseanna ar leith. Tabharfar cúirt ar na scoileanna agus bronnfar peann comórtha agus €100 ar na scoláirí sin.

Urraithe le bród ag

Agus le tacaíocht ó

2025/26

Competition Winners / Buaiteoirí an Chomórtais

Overall Winner English Language

Student / Scoláire: Fatima Memon.

School / Scoil: Loreto Secondary School, Letterkenny, Co. Donegal.

Congratulations to Fatima, the National Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Fatima, Buaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Overall Winner Irish Language

Student / Scoláire: Úna Ní Bhaoighill.

School / Scoil: Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Congratulations to Úna, the National Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Úna, Buaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.

Connacht / Cúige Chonnacht

Student / Scoláire: Emily Ross.

School / Scoil: Presentation College, Athenry, Co. Galway.

Congratulations to Emily, Connacht Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Emily, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Chonnacht) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Dublin / Co. Bhaile Átha Cliath

Student / Scoláire: Kate Higgins.

School / Scoil: Holy Faith Secondary School, Clontarf, Dublin 3.

Congratulations to Kate, Dublin Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Kate, Buaiteoir Réigúnach (Co. Bhaile Átha Cliath) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Dublin / Co. Bhaile Átha Cliath

Student / Scoláire: Dragos Nicolas Mardare.

School / Scoil: Oatlands College, Mount Merrion, Co. Dublin.

Congratulations to Dragos, Dublin Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Dragos, Buaiteoir Réigúnach (Co. Bhaile Átha Cliath) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Leinster (excluding Dublin) / Cúige Laighean

Student / Scoláire: Christina Plunkett.

School / Scoil: Sacred Heart Secondary School, Tullamore, Co. Offaly.

Congratulations to Christina, Leinster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Christina, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Laighean) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Munster / Cúige Mumhan

Student / Scoláire: Maeve Ní Chonraoi.

School / Scoil: Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí.

Congratulations to Maeve, Munster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Maeve, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Mumhan) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Ulster / Cúige Uladh

Student / Scoláire: Anna Lutze.

School / Scoil: St. Louis Secondary School, Co. Monaghan.

Congratulations to Anna, Ulster Regional Winner of Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Anna, Buaiteoir Réigúnach (Cúige Uladh) Chomórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Connacht / Cúige Chonnacht

Student / Scoláire: Martha Cousins.

School / Scoil: Mohill Community College, Mohill, Co Leitrim.

Congratulations to Martha, Highly Commended (Connacht) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Martha, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Chonnacht) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Melanie Moran.

School / Scoil: Sacred Heart School, Westport, Co Mayo.

Congratulations to Melanie, Highly Commended (Connacht) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Melanie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Chonnacht) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Dublin / Co. Bhaile Átha Cliath

Student / Scoláire: Aidan Hyland.

School / Scoil: Deansrath Community College, Clondalkin, Dublin 22.

Congratulations to Aidan, Highly Commended (Dublin) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Aidan, a ghnóthaigh Ardmholadh (Co. Bhaile Átha Cliath) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Riain Leathem.

School / Scoil: Colaiste Choilm, Dublin Road, Swords, Co. Dublin.

Congratulations to Riain, Highly Commended (Dublin) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Riain, a ghnóthaigh Ardmholadh (Co. Bhaile Átha Cliath) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Leinster / Cúige Laighean

Student / Scoláire: Eoin Dillon.

School / Scoil: Athlone Community College, Retreat Road, Athlone, Co. Westmeath.

Congratulations to Eoin, Highly Commended (Leinster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Eoin, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Laighean) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Muireann Barry.

School / Scoil: Ramsgrange Community School, New Ross, Co. Wexford.

Congratulations to Muireann, Highly Commended (Leinster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Muireann, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Laighean) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Munster / Cúige Mumhan

Student / Scoláire: Annie Power.

School / Scoil: Coláiste na Trócaire, Rathkeale, Co. Limerick.

Congratulations to Annie, Highly Commended (Munster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Annie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Mumhan) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Sophie Lynam.

School / Scoil: St Mary’s High School, Midleton, Co. Cork.

Congratulations to Sophie, Highly Commended (Munster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Sophie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Mumhan) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Ulster / Cúige Uladh

Student / Scoláire: Maggie Clerkin.

School / Scoil: St. Louis Secondary School, Monaghan.

Congratulations to Maggie, Highly Commended (Ulster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Maggie, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Uladh) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Shea Bell.

School / Scoil: St Malachy’s College, Belfast.

Congratulations to Shea, Highly Commended (Ulster) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Shea, a ghnóthaigh Ardmholadh (Cúige Uladh) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Gaeilge

Student / Scoláire: Niamh Ní Dhálaigh.

School / Scoil: Coláiste Mhuire, Ratoath Road, Cabra West, Dublin 7.

Congratulations to Niamh, Highly Commended (Gaeilge) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Niamh, a ghnóthaigh Ardmholadh (Gaeilge) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.


Student / Scoláire: Alyssa Ní Bhrolcháin.

School / Scoil: Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Congratulations to Alyssa, Highly Commended (Gaeilge) in the Oireachtas Essay Competition 2025/26.

Comhghairdeas le Alyssa, a ghnóthaigh Ardmholadh (Gaeilge) i gComórtas Aiste an Oireachtais 2025/26.

Scoileanna Buaiteacha Chomórtas 2025/26