BEARTAS PRÍOBHÁIDEACHAIS COMÓRTAS AISTE AN OIREACHTAS
Tá Coiste Comórtas Aiste an Oireachtais (“an Coiste”) tiomanta do príobháideacht a chosaint. Ó thaobh dlí de, is rialaitheoir sonraí é an Coiste agus, mar sin; faoin dlí um chosaint sonraí, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (AE 2016/679) (“GDPR”), Tá de dhualgas orainn faisnéis a sholáthar duit maidir le bailiú, coinneáil, úsáid, nochtadh agus aistriú (ar a dtugtar “próiseáil”) faisnéise pearsanta (nó “Sonraí Pearsanta”) a bhaineann leatsa. Déanann an Ráiteas Príobháideachta seo cur síos ar conas agus cén fáth a bhailímid Sonraí Pearsanta agus cad a dhéanaimid leo.
Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis atá ag an gCoiste nó a bhailítear fút, mar shampla:
Eolas a bhailímid/Sonraí Pearsanta
Bailímid Sonraí Pearsanta uait agus tú ag cur isteach ar an gcomórtas. Bailímid sonraí teagmhála agus sonraí incháilitheachta na n-iarratasóirí le linn dóibh clárú linn, na haistí a sheoladh chugainn agus sa gcás gur buaiteoirí iad. D’fhéadfaimis Sonraí Pearsanta fút a fháil freisin trí na foirmeacha clárúcháin (trínár suíomh Gréasáin) nó (i gcúinsí teoranta) ó thríú páirtithe, lena n-áirítear aon sonraí sholáthraíonn do scoil dúinn.
Úsáid agus Próiseáil Sonraí Pearsanta
Bailímid agus próiseálann muid do Shonraí Pearsanta ar chúiseanna éagsúla agus braithimid ar roinnt bunús dlí éagsúla chun an phróiseáil sin a dhéanamh. Déanaimid do shonraí a phróiseáil ionas gur féidir leat cur isteach ar Chomórtas Aiste an Oireachtais 2022/23.
Bainfimid úsáid as do Shonraí Pearsanta:
Conas a roinnimid Sonraí Pearsanta
Ní nochtfaidh an Coiste Sonraí Pearsanta d’aon tríú páirtí, ach amháin sna cásanna thíosluaite:
1. beidh dualgas ag baill an Choiste agus ag breithiúna Chomórtas Aiste an Oireachtais 2022/23 maidir ar roinnt de do Shonraí Pearsanta ionas gur féidir leo breithiúnas a thabhairt ar bhuaiteoirí an chomórtais;
2. d’aon duine a sholáthraíonn seirbhís don Choiste. Sa chás seo, beidh siad ag gníomhú mar phróiseálaithe sonraí; agus
3. sa gcás go gceanglaítear an nochtadh sonraí úd le ordú dlí nó le rialachán/ordú cúirte a bhfuil feidhm dlí aige, nó go gceanglaítear le haon údarás rialála nó cánach.
Sa gcás go roinneann an Coiste na Sonraí Pearsanta le rialaitheoir sonraí tríú páirtí, beidh úsáid na Sonraí Pearsanta ag an tríú páirtí úd faoi réir bheartais príobháideachta an tríú páirtí féin.
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait faoi na daoine a fhaigheann do Shonraí Pearsanta uainn nó chun do chearta a dheimhniú maidir leis na sonraí atá ina seilbh acu, déan teagmháil linn le do thoil ag an seoladh atá thíos agus cuirfimid tú i dteagmháil leo.
Slándáil Sonraí Pearsanta
Tá bearta slándála cuí curtha i bhfeidhm againn chun do Shonraí Pearsanta a chosc ó bheith caillte, úsáidte, athraithe nó nochtaithe ar shlí neamh-údarásach ar bith.
Uasdátú ar Shonraí Pearsanta
Déanfaidh an Coiste gach iarracht do Sonraí Pearsanta a choinneáil suas le dáta. ‘Sin ráite, beidh ort fógra a thabhairt don Choiste gan mhoill i gcás go dtagann athrú ar do cúinsí pearsanta ionas gur féidir leis do Shonraí Pearsanta a choinneáil suas chun dáta.
Maidir le Sonraí Pearsanta a Choinneáil
Ní choinneofar do Shonraí Pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá tar éis do Comórtas Aiste an Oireachtais a bheith thart.
Ní choinnímid do shonraí tar éis do Chomórtas Aiste an Oireachtais 2022/23 a bheith socraithe mura mbíonn an bua agat is go mbíonn gá teagmháil a dhéanamh leis an mbuaiteoir maidir le duais a íoc leo. D’fhéadfaí go mbainfí úsáid as sonraí bhuaiteoirí an chomórtais tar éis do Chomórtas Aiste an Oireachtais 2022/23 a bheith thart – m.sh. chun na gradaim nó an comórtas féin a chur chun cinn nó chun cuireadh a thabhairt do bhuaiteoirí an chomórtais chuig imeachtaí Oireachtais eile ar nós gradam an Oireachtais.
Do Chearta maidir le Sonraí Pearsanta
Féadfaidh tú cóip de do Shonraí Pearsanta a lorg ón gCoiste am ar bith. Tá sé de cheart agat freisin aon bhotún a cheartú, agus i gcúinsí áirithe, scriosadh a dhéanamh ar na sonraí a iarraidh uait, nó srian a chur orthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart agat do Shonraí Pearsanta a chóipeáil nó a aistriú chomh maith. Is féidir tuilleadh faisnéise ar na cearta seo, agus na cúinsí a bhaineann leo maidir le próiseáil Shonraí Pearsanta a lorg trí scríobh chugainn ag an seoladh thíosluaite.
Sa gcás ina bhfuil an Coiste ag brath ar do thoiliú chun do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, tá sé de cheart agat d’intinn a athrú agus toiliú a tharraingt siar trí scríobh chuig an seoladh atá sonraithe thíos.
Is féidir na cearta seo a dheimhniú trí scríobh chuig an gCoiste ag an seoladh thíos.
Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh faoi phróiseáil do Shonraí Pearsanta trí scríobh chuig an gCoiste leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag:
An Coimisiún Cosanta Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éire
Fón: +353 578 684 800 / +353 761 104 800
Facs: +353 57 868 4757
Foirmeacha gréasáin ar fáil anseo: https://www.dataprotection.ie/ga/contact/how-contact-us
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Suíomh Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
Ní bheimid in ann tú a áireamh mar iarratasóir i gComórtas Aiste an Oireachtais 2022/23 mura gcuireann tú do Shonraí Pearsanta ar fáil dúinn.
Teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste
Ba cheart aon cheist nó gearán maidir le húsáid Sonraí Pearsanta/ nó cearta an duine aonair ina leith seo – a chur chuig an gCoiste ag eolas@oireachtasessay.ie. Molaimid duit an oiread sonraí agus is féidir a sholáthar agus iarratas á sheoladh chugainn ionas gur féidir linn do cheist a fhreagairt ar bhonn tapa, éifeachtach.
Uasdátaithe ba dhéanaí ar an 31 Lúnasa 2022.
Cookie | Duration | Description |
---|---|---|
cookielawinfo-checkbox-analytics | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Analytics". |
cookielawinfo-checkbox-functional | 11 months | The cookie is set by GDPR cookie consent to record the user consent for the cookies in the category "Functional". |
cookielawinfo-checkbox-necessary | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookies is used to store the user consent for the cookies in the category "Necessary". |
cookielawinfo-checkbox-others | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Other. |
cookielawinfo-checkbox-performance | 11 months | This cookie is set by GDPR Cookie Consent plugin. The cookie is used to store the user consent for the cookies in the category "Performance". |
viewed_cookie_policy | 11 months | The cookie is set by the GDPR Cookie Consent plugin and is used to store whether or not user has consented to the use of cookies. It does not store any personal data. |