Aiste an Oireachtais

An Conallach, an Pholaitíocht agus an tSaoirse

Is é Dónall Ó Conaill a dtugtar ‘An Fuascaltóir’ air a spreag teideal na haiste i mbliana:
B’Éireannach iontach an Conallach a rugadh sa mbliain 1795 a chothaigh an pholaitíocht shíochánta, an tsaoirse agus an ceart, agus a raibh fís dhomhanda aige.

Tá muid faoi chomaoin ag an Ollamh Pádraig Mac Eochagáin, Roinn na Staire, Coláiste na Tríonóide as ucht ceangal leis an bpainéal breithiúna seo againne i gcomhair Chomórtas na bliana seo. Déanann an tOllamh Mac Eochagáin trácht anseo ar ghnéithe éagsúla de shaol agus d’oidhreacht Uí Chonaill. Tá videonna anseo, freisin, a dtig leat breathnú orthu agus éisteacht leo.

Is fút féin atá tarraingt as scéal Uí Chonaill nó gan tarraingt as. An ‘Saorann an Pholaitíocht Pharlaiminteach’? Cén fáth agus cén chaoi a ‘Saorann an Pholaitíocht Pharlaiminteach’? Tá cead agat scríobh faoin na ceisteanna seo agus go deimhin tá cead agat tabhairt faoin ábhar ar an mbealach is fearr a thaitníos leat féin. Go gcuire Dia an t-ádh ort.

Beatha agus Oidhreach an Fhuascaltóra

le Pádraig Mac Eochagáin

Daniel O'Connell

Ba dhuine de na hÉireannaigh ab iontaí riamh Dónall Ó Conaill a raibh cáil dhomhanda air mar státaire, mar shaothraí ar son ceart sibhialta, agus mar ghaiscíoch de chuid na síochána.

Rugadh an Conallach i gCiarraí in 1775 agus d’fhás sé suas i dtír a raibh cearta polaitíochta agus cearta sibhialta iomlána ceilte ar fhormhór na ndaoine

Oileadh an Conallach ina dhlíodóir agus bhain sé cáil amach mar dhuine de na habhcóidí ab fhearr i stair na hÉireann. ‘An Comhairleoir’ a teideal a baisteadh air as ucht a oiread sin daoine a shábháil sé.

Ghlac sé páirt sa troid ar son ceart sibhialta in Éirinn, agus ar feadh deich mbliana fichead ba é ceannaire na gluaiseachta chun Fuascailt na gCaitliceach a bhaint amach


Chuir sé suas den fhoréigean agus d’éiligh sé go n-úsáidfí modhanna síochanta amháin le haghaidh a fhís a bhaint amach. Bhain sé cáil amach ar óráidí agus mar ghríosóir.

Sa mbliain 1828 sheas an Conallach i dtoghchán i gContae an Chláir agus ghnóthaigh sé suíochán i dTeach na dTeachtaí sa mBreatain Mhór.


Bhain toghadh Uí Chonaill stangadh as Rialtas na Breataine agus b’éigean dó Fuascailt na gCaitliceach a bhronnadh. D’fhág sé sin go raibh cearta sibhialta agus polaitíochta iomlána ag Caitlicigh, ina measc cead suí sa bParlaimint. Gairmeadh ‘An Fuascaltóir’ ar an gConallach agus moladh é ar fud an domhain as ucht ceannaireacht a dhéanamh ar ghuaiseacht dhaonlathach mhór mhillteacht agus as ucht an bua a ghnóthú gan a ghabháil i muinín an fhoréigin.

Idir 1830 agus 1847 bhain an Conallach cáil idirnáisiúnta amach mar dhuine a bhí in aghaidh na sclábhaíochta. Bhí an-ómós go deo dó ag daoine sna Stáit Aontaithe a bhí ar son an sclábhaíocht a chur ar ceal.

Cáil gaiscígh a bhí ag Meiriceánaigh Afracacacha air, ina meas Freidric Mac Dúghlais a thug cuairt ar an gConallach i mBaile Átha Cliath. B’íocón i gcoinne na sclábhaíochta acu é.

Chaith an Conallach an chuid dheireanach dá shaol i mbun feachtais le hAcht an Aontais a aisghairm agus an Pharlaimint Éireannach a thabhairt ar ais.

Sa mbliain 1843 chuir sé cruinnithe móra millteacha ar bun ar fud na hÉireann a dtugtaí ‘Ollchruinnithe’ orthu. Moladh arís é as ucht áitiú morálta a úsáid lena chuid aidhmeanna a bhaint amach.

Mar sin féin, níor éirigh lena fheachtas ar son na hAisghairme agus gabhadh an Conallach agus cuireadh príosún air. Nuair a ligeadh saor as príosún é lean sé lena fheachtas ar son na hAisghairme agus ar son beatha daoine a raibh ocras orthu a shábháil le linn an Ghorta Mhóir.

Bhí a chroí briste nuair a bhásaigh sé in Genobha ar an 15 Beatlaine 1847.
Inniu féin, téann oidhreacht Uí Chonaill i gcion ar dhaoine. Ba pharlaiminteach agus ba fheachtasóir é a chreid i gcumhacht an fhocail le hathrú suntasach a bhaint amach.
Ba é gaiscíoch na gceart sibhialta, ag baile agus thar lear. Ba é freisin an státaire a chreid i gcumhaht na hagóide síochánta. Ba é Fuascaltóir na hÉireann é.

 

An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘Dul chun cinn Uí Chonaill’
An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘An Conallach Dlíodóir agus an Comhrac Aonair in 1815’
An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘An Feachtas ar son Fhuascailt na gCaitliceach’
Iar-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí Aidrian Ó hArgadáin ag trácht ar ‘Dónall Ó Conaill’
An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘Dónall Ó Conaill agus na Feachtais i gcoinne na Sclábhaíochta’
Nasc leis an gclár Talking History ar Newstalk a bpléitear Dónall Ó Conaill agus a oidhreacht air
An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘An Feachtas ar son na hAis-Ghairme’
An tOllamh Pádraig Mac Eochagáin ag trácht ar ‘Cliseadh Dhónaill Uí Chonaill’

Daniel O’Connell FAQ

Feachtasóir ar son Ceart Sibhialta in Éirinn

Ba fhear fíor-thábhachtach Dónall Ó Conaill Fuascaltóir i stair na h Éireann sa 19ú haois. Thiomnaigh sé a shaol ar fad do shaothrú ceart sibhialta do dhaoine a bhí faoi chois in Éirinn agus ar fud an domhain. Rugadh i gContae Chiarraí é sa mbliain 1775 agus tháinig sé chun cinn mar abhcóide cumasach ar son fhuascailt na gCaitliceach, cúis a d’fhéach leis na bacanna dlíthiúla a cuireadh ar Chaitlicigh in Éirinn agus sa mBreatain a chur ar ceal.

Ag tráth nach raibh cearta iomlána polaitíochta ná sibhialta ag tromlach mhuintir na hÉireann, ba fheachtas réabhlóideach feachtas Uí Chonaill. D’fhéach an feachtas le saoirse chreidimh agus le haitheantas do chearta agus do dhínit Caitliceach Éireannach a bhaint amach trí mheáin shíochánta amháin.

Bhí an Conallach thar cionn ag baint úsáide as cumhacht an oll-chruinnithe agus na corraíola bunreachtúla. Bhunaigh sé Compántas na gCaitliceach sa mbliain 1823, eagras a d’athraigh nádúr na gníomhaíochta polaitiúla in Éirinn. Chuir an Conallach tús le gluaiseacht mhór mhillteach ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin agus gluaiseacht a bhí fréamhaithe go domhain i gcosmhuintir nah Éireann nuair a chinntigh sé go mbeadh na Caitlicigh ba bhoichte in acmhainnn ballraíocht san eagras a íoc. Ba é an cur chuige a bhí aige brú a chur ar rialtas na Breataine trí mheáin shíochánta dhlisteanacha agus barúil an phobail a úsáid le hathrú a chur i gcion.
Ba é buaic fheachtas ceart sibhialta an Chonallaigh gur ritheadh Acht Fhuascailt na gCaitliceach sa mbliain 1829, tar éis dó féin a bheith tofa mar Fheisire Parlaiminte do Chontae an Chláir, i bhfothoghchán, bliain roimhe sin.
Baineadh an bua stairiúil seo amach gan a oiread agus urchar amháin a chaitheamh – fianaise ar chreideamh Uí Chonaill i gcumhacht an fhórsa mhorálta de roghain ar an bhforéigean fisiciúil. Cheadaigh an t-acht do Chaitlicigh suí sa bParlaimint agus a bheith ina n-oifigigh phoiblí, agus chuir deireadh le hidirdhealú institiúideach na gcéadta bliain. Ní hé amháin gur ghnóthaigh bua Uí Chonaill sa bhfeachtas seo cearta sibhialta do Chaitlicigh ach d’éascaigh sé an bealach do ghluaiseachtaí ceart eile san am a bhí le teacht, in Éirinn agus thar lear. Bhí a oidhreacht mar ghaiscíoch ceart sibhialta slán.

Feachtas Dhónaill Uí Chonaill i gcoinne na Sclábhaíochta
Ní taobh le hÉirinn amháin a bhí Dónall Ó Conaill ina thiomantacht don cheart agus don dlí. Ba chuid den tiomantacht chéanna a d’fhág gur chuir sé go díograiseach i gcoinne na sclábhaíochta. D’fhág sé seo go raibh sé i dtús cadhnaíochta sa troid a bhain le ceann de na deacrachtaí ba mhó lena linn. Bhí creideamh domhain ag an gConallach i ndínit an duine. Bhí sé buanseasmhach sa gcáineadh a rinne sé ar an sclábhaíocht i dtaobh go mba shárú uafásach ar an dínit dhaonna agus ar an dlí morálta í. Níor chúram fánach a fheachtas i gcoinne na sclábhaíochta. Ba chuid bhunúsach é den leagan amach leathan a bhí aige ar chearta uilíocha an duine. Ba ghlórach agus ba shíoraí an cáineadh a dhéanadh an Conallach ar an sclábhaíocht i bParlaimint na Breataine. Dhamnaigh sé í mar smál bréan ar charachtar Shasana. Bhí caint reitriciúil Uí Chonaill cumasach neamhghéilliúil agus é ag iarraidh deireadh a chur láithreach, gan choinníoll, leis an sclábhaíocht. Chuir sé suas den leagan amach a d’fhéach leis an institiúid a chur ar ceal de réir a chéile. D’fhág an seasamh a ghlac an Conallach in aghaidh na sclábhaíochta go mbíodh sé in achrann leo siúd i Meiriceá a bhí ar son na sclábhaíochta. Ba mhór an scéal gur dhiúltaigh sé seasamh le Meiriceánach ar bith a bhí ar son chealú na sclábhaíochta ach nár chuir ar son fhuascailt na sclábhaithe láithreach bonn. Ba é an seasamh seo a rinne gaiscíoch de ina meas siúd ar nós Fhreidric Dúghlais a bhí ar son chealú na sclábhaíochta agus a ndeachaigh a chuid cainte reitriciúla i gcion go mór orthu. Bhain a sheasamh daingean in aghaidh na sclábhaíochta cáil amach don Chonallach i measc daoine go leor ar fud an domhain agus moladh é mar ghaiscíoch na saoirse. Ba fhorás nádúrtha feachtas Uí Chonaill i gcoinne na sclábhaíochta ar a throid ar son fhuascailt na gCaitliceach agus ceart sibhialta in Éirinn. Chreid sé go raibh an troid ar son na saoirse agus an chothroim uilíoch, agus nach bhféadfaí saoradh dreama amháin a bhí faoi chois a scaradh ó shaoradh daoine eile. Ar an gcaoi sin, ba scáil feachtas Uí Chonaill in éadan na sclábhaíochta ar a chuid prionsabal morálta agus cruthúnas ar a thiomantacht don chóir dhomhanda, leith ar leith.
Dónall Ó Conaill Óráidí

Ba mhór le rá cumas Dhónaill Uí Chonaill mar pharlaiminteoir agus mar óráidí agus ghnóthaigh an cumas céanna áit shuntasach dó i stair pholaitíochta na hEorpa.
Ba de dhlúth agus d’inneach a chuid cainte an cur i láthair paiseanta agus an úsáid d’aon ghnó a bhaineadh sé as an ngreann agus as an íoróin. B’fhurasta dó teagmháil a dhéanamh lena lucht éisteachta, bídís ina gcomh-Fheirsirí Parlaiminte, ina dtoghthóirí Éireannacha nó ina lucht éisteachta domhanda. Chuireadh sé a chuid óráidí le chéile go cúramach agus mheascadh acmhainn dlí agus tuiscint dhomhain ar an stair agus ar an nádúr daonna. Is le teann máistreachta ar an teanga a d’éirigh leis gearáin phobal na hÉireann a chur in iúl go cumasach áititheach neamhghéilliúil. Ní polaiteoir amháin a bhí ann ach abhcóide poiblí a bhain úsáid as a chuid focla le cúiseanna na córa, an chothroim agus an fhlaithis náisiúnta a chur os ard.
Bhí reitric iontach Uí Chonaill bunaithe ar an méid a deireadh sé agus ar an gcaoi a ndeireadh sé é. Ba é an bua a bhí aige tacaíocht a neartú, dílseacht a spreagadh agus ómós a thuilleamh i measc aicmí éagsúla an phobail a rinne duine de na daoine ba mhó anáil nó tionchar lena linn de. Bíodh sé ag caint i dTeach na dTiarnaí nó ag ‘cruinniú mór millteach’ ba léir ar fhocla Uí Chonaill go mba dhuine é a chreid go domhain sna cúiseanna ar thacaigh sé leo, agus go raibh sé acmhainneach ar an gcreideamh sin a chur i ngníomh le neart-teann líofachta.

Feachtas Dhónaill Uí Chonaill ar son na hAis-Ghairme

Ba é mian saoil Dhónaill Uí Chonaill Acht an Aontais idir an Bhreatain Mhór agus Éire a aisghairm. Bhain siombalachas, ciall agus réasún lena bheith i láthair sa bParlaimint – buaic a fheachtais ar son shaoirse na gCaitliceach agus comhartha ar an ré nua i saol polaitíochta na hÉireann.
Ba mháistir ar an mbeartaíocht an Conallach sa bParlaimint agus úsáid dá baint aige as an ardán sin le haghaidh réimse leathan cúiseanna Éireannacha a chur chun cinn. Ba abhcóide síoraí é ar son ceart tionóntaí, agus ceart Caitliceach san oideachas agus sa saol poiblí. Ba ghnéithe suntasacha d’óráidí an Chonallaigh an líofacht agus an tsoiléire mhorálta agus ba mhinic prionsabal an dlí agus an chirt, prionsabal an chothroim, agus prionsabal riail an dlí á lua aige iontu.
An cumas a bhí ann gearáin na nÉireannach a chur os ard agus an scil a bhí aige déileáil le polaitíocht chasta na Mainistreach Thiar, sin iad a rinne gaiscíoch de i bpolaitíocht na Breataine.
Ba é barúil Uí Chonaill go mba éagóir bhunúsach an tAontas a bhain a flaitheas d’Éirinn agus a rinne cúige suarach de chuid na Breataine di. Bhunaigh an Conallach Cumann na hAis-Ghairme sa mbliain 1840 le haghaidh Ais-ghairm an Aontais a bhaint amach agus thug gluaiseacht mhór mhillteach le chéile ar nós a rinne sé roimhe sin le Compántas na gCaitliceach.
Tugadh tacaíocht mhór d’fheachtas na hAis-Ghairme ar fud na hÉireann. Thug an Conallach cruinnithe móra millteacha le chéile ar fhreastal na céadta míle duine orthu agus iad uilig ag éileamh go gcuirfí parlaimint neamhspleách Éireannach ar bun arís.
In ainneoin iarrachtaí Uí Chonaill cuireadh dúshláin dhosháraithe roimh an bhfeachtas ar son na hAis-Ghairme. Scanraigh rialtas na Breataine roimh an gcumhacht a bhí ag gluaiseacht an Chonallaigh agus cuireadh faoi chois í leis an dlí agus leis an bhfórsa míleata.
Chuir Dónall Ó Conaill ar ceal an cruinniú a bhí ceaptha a bheith ar siúl i gCluain Tarbh i nDeireadh Fómair 1843. Gabhadh é agus cuireadh i bpríosún é, bíodh is gur ligeadh saor é ar ball. Ba chor cinniúnach i saol an Chonallaigh cliseadh fheachtas na hAis-Ghairme a laghdaigh an anáil nó an tionchar a bhí aige agus a thúsaigh cúlú an náisiúnachais bhunreachtúil in Éirinn. Mar sin féin, in ainneoin nár éirigh leis an bhfeachtas ar son nah Ais-Ghairme, leag obair Uí Chonaill bunsraith i gcomhair na glúine eile náisiúnaithe Éireannacha a leanfadh orthu ag troid ar son an neamhspleáchais.

Anáil, Oidhreacht agus Tábhacht Dhónaill Uí Chonaill

Maireann oidhreacht thábhachtach Dhónaill Uí Chonaill mar fheachtasóir ar son na gceart sibhialta, ar son chealú na sclábhaíochta, agus ar son an náisiúnachais Éireannaigh. ‘An Fuascaltóir’ a baisteadh air agus d’athraigh gach ar bhain sé amach polaitíocht na hÉireann agus d’fhág lorg buan ar stair gluaiseachtaí ar son na córa sóisialta ar fud an domhain. Ba iad a chuid modhanna síochána idir chruinnithe móra millteacha agus chorraíl bhunreachtúil a sholáthair an cur chuige do cheannairí ceart sibhialta a tháinig ina dhiaidh ar nós Mahatma Gandhi agus Martin Luther King Jr a ghlac sampla ón gConallach mar cheann feadhna sa troid ar son na saoirse agus an chothroim.
Chlaochlaigh an Conallach an saol in Éirinn. D’éirigh leis pobal éagsúil a bhíodh scoilte go minic a aontú i dtaobh chúis choiteann fhuascailt na gCaitliceach, agus thug a chuid oibre sa bParlaimint gearáin phobal na hÉireann go croí-lár Impireacht na Breataine. Chuidigh gach a ndearna sé ar son chearta na dtionóntaí, ar son leasuithe toghcháin, agus ar son an chothroim san oideachas, chuidigh sé le feabhas leanúnach ar choinníollacha na gCaitliceach Éireannach, agus leag síos an bhunsraith le haghaidh tuilleadh leasuithe sóisialta agus polaitíochta.
Tá tábhacht Uí Chonaill suntasach i gcónaí. An creideamh a bhí aige i gcumhacht na hagóide síochánta agus an tiomantacht a bhí aige don dlí agus don chóir, téann siad i gcion ar dhaoine i gcónaí gach uile áit sa domhan a bhfuiltear ag troid ar son na gceart sibhialta agus na córa,
Leachtanna cuimhneacháin in ómós don Chonallach ar nós na deilbhe i Sráid Uí Chonaill agus ar nós an túir i Reilig Ghlas Naíon, an áit a bhfuil sé curtha, meabhraíonn siad a thábhachtaí a bhí sé i múnlú na féiniúlachta náisiúnta.
Thairis sin, a sheasamh buan i gcoinne na sclábhaíochta agus a chuid iarrachtaí ar son na gceart sibhialta uilíoch, nochtann siad an dlúthcheagal idir throideanna ar son na córa. Léirítear gné uilíoch a chuid prionsabal ina chreideamh nach bhféadfaí an troid ar son ceart Éireannach a dhealú ón troid i gcoinne an leathroim agus an ansmachta ar fud an domhain. Soláthraíonn oidhreacht Uí Chonaill inspioráid, cur chuige síochánta agus ceannaireacht mhorálta d’Éirinn agus don domhan agus iad ag coraíocht i gcónaí le ceisteasnna an éagothroim agus na gceart sibhialta.

Urraithe le bród ag

Agus le tacaíocht ó