Aiste an Oireachtais

A Chairde
Tugann muid cuireadh daoibh páirt a ghlacadh i gComórtas Aiste an Oireachtais atá anois ina cheathrú bliain.

Ar bagairt ar an Daonlathas atá san Intleacht Shaorga? An anáil nó an tionchar a bheas ag an Intleacht Shaorga amach anseo ar an pobal seo againne, ar an ngaol idir dhaoine agus ar an nádúr daonna féin, tá imní faoi sin ag méadú.

Tá neart ceisteanna ann agus ní móide go mbeidh a fhios na freagraí go ceann scaithimh. Cén chaoi a ngabhfaidh an Intleacht Shaorga i gcion ar ghluaiseacht an eolais ar fud an phobail mhóir? Sin ceist amháin a dteastaíonn staidéar géar crua a dhéanamh uirthi.

Ní mór dóibh siúd a dhéanas cinntí faoi láthair AGUS dóibh siúd a bheas ina gceannairí amach anseo a bheith san airdeall ar na deiseanna agus ar na dúshláin. 

Tá cuireadh dá thabhairt againn do mhic léinn na Sraithe Sinsearaí (an Idir-Bhliain, an 5ú Bliain agus an 6ú Bliain Ard-Teistiméireachta) chomh maith le mic léinn Fo-Theastais agus A-Leibhéil ar fud oileán na hÉireann aistí a sholáthar ar an téama tábhachtach seo.

Tá go leor bainte amach ag an gComórtas seo in imeacht a chéad trí bliana agus tá an-ómós dó i scoileanna ar fud oileán na hÉireann ar mór acu é. Tá muid buíoch de na mic léinn, de na múinteoirí, de na tuismitheoirí, de na heagrais oideachais, d’fhoireann an Oireachtais, de na comhairleoirí saineolacha uilig agus ar ndóigh d’urraithe an Chomórtais a chuidigh le fonn agus a chinntigh go n-éireodh leis.

Tá ríméad orainn PTSB a bheith ag tacú linn arís mar Phríomh-Urraithe. Fáiltíonn muid arís roimh na foilsitheoirí ábhair oideachais CJ Fallon an t-urra is faide atá againn. Cuireannn muid fáilte freisin roimh an gcomhlacht dlí mór le rá Másún, Ó hAodha agus Ó Corráin mar Urra Comhlach. Tá muid buíoch de BSL freisin as ucht tacú leis an gComórtas i mbliana.

Is deis Comórtas Aiste an Oireachtais daoibh-se bhur marana a dhéanamh ar thábhacht an daonlathais don phobal;  marana  a dhéanamh ar an gcaoi a dtig leis an daonlathas a bheith ina fhórsa ar son na maithe nó an oilc; agus marana a dhéanamh ar an bpáirt seo agaibh-se sna forais a ndéantar cinntí iontu a mhúnlaíos an domhan faoi chuairt. 

Tar a éis sin is uile, is ag brath oraibh-se atá an domhan!

Tá muid ag súil le bhur gcuid aistí a léamh. Casfar cuid agaibh orainn ag na Searmanais Bhronnta seo againn, agus sna scoileanna, in 2026. 

Go raibh maith agaibh as ucht páirt a ghlacadh sa gComórtas agus go gcuire Dia an t-ádh oraibh.

Seán Ó Fearghaíl TD,
Pátrún Maoiniúcháin

An Seanadóir Rónán Mullen
Tionólaí an Chomórtais
Seán Ó Fearghaíl TD, Funding Patron
Seán Ó Fearghaíl TD,
Pátrún Maoiniúcháin
Rónán Mullen Seanadóir Neamhspleách, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Tionólaí an Chomórtais
An Seanadóir Rónán Mullen
Tionólaí an Chomórtais

Le hurraíocht ó

Agus le tacaíocht ó